Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 271

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 271

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 271
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Lá Fhéile Muire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Lá Chinn Blíadhna ¶ Tagann lá chinn blíadhna ar an gcéad lá danair gach blíadhain.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    pátrún i n-oileán Árainn ar an lá sin i n-onóir don bheirt naomh sin. Tá sé ráidhthe go bhfuair an bheirt naomh sin bás ar son an creideamh. Cuireadh cun báis iad mar do chuireadh Ár dTíghearna mar gheall ar an gcreideamh. Tá sé ráidhte nach ceart fuil a bhaint as aon ainimhidhe an lá sin mar gheall gur bhaineadh fuil as naomh peadar is naomh pól an lá sin ar son an creideamh.

    Bríghid Ní Maoilcíaráin
    Calladhmuighinse
    Cárna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tagann Lá Fheile Muire ar an cúigeadh lá déág de mí Lughnasa. Téigheann go leór daoine ag tobar Muire an la sin. Is é an chaoi a dhéanann siad an turas. Fághann siad seacht gcinn de clocha beaga annsin tosuigheann siad ag suibhal timceall an tobair. Caitheann siad cloch amháin uatha agus deireann siad sé do bheatha a Mhuire ar chuile chloch a chaitheann siad uatha. Deireann siad páidreacha ós chómhair an tobar freisin agus cuireann siad cuid den uisge ortha féin. Carsuiceann siad iad féin le chloch cruinn a bhíonns faghtha ag an tobar i gcomnaidhe. Fágann siad rud éigean in a ndiaidh ann. Deirtear nach ceart aon obair a dheanadh lé créfóg an lá sin agus an te a deanann í ní fhásann an rud a chuireann sé an lá sin.

    Bríghid Ní Ceanndhubháin
    Áirdmhóir,
    Cárna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Ceanndhubháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe