Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 261

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 261

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 261
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Lá Fhéile Stiofáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Domhnac Cásg ¶ Nuair a thagann Domhnac cásg tar éis carais bíonn gac duine ag ite go leór uibeaca.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    teac an oidhche sin cacai milis agus gac rud milis. Bhíonn coinle lasta ar fuinneóga gac teac. Is maith leis na gasuir oidhche nodlaig a teact mar crocann siad stocai agus bíonn bréagáin acu ar maidín. Teigeann gac duine ag an Aifrean agus ag cuimín gac lá Nodhlaig.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Lá Féile Stiophain
    Nuair a thagann Lá Féile Stiopháin bíonn bród mór ar na gasúr le h-aghaidh a dhul ag imteact leis an dreóilín. Fághann siad greim ar la Nodhlag. Bíonn Aifrionn ann an lá sin. Téigheann cuid go na gasúir ag an Aifrionn sul a dtéigeann siad ag imteact leis an dreóilín agus imtigheann cuid eile aca éirighe gréine agus bíonn gac teac siubailte acú roim an gcuid eile. Canann siad rann nuair a thagann siad isteac. Dreóilín a chonnaiceas le ais cárnán cloc. Chaitheas mo mhaide leis is bhriseas a cos. Rí na néan é is tá sé beag. Is éirig do suidhe a bhean an tighe is líon chugainn deoc. Fadó bhí na h-eanaca ag éirighe mí foigdeac le na céile. Lá amáin ceapad ar gur maith an rud rí a bheithorra Lá Stiopháin an lá a rabh Naomh Stiophán. Socruigeadar annsin an t-éan abfuide a gabfad suas san aer a bheith na rí léim an dreóilín faoi stiatán lolar bhí na h-éanaca eile ag éirighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Stiofáin (~402)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Breathnac
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe