Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 259

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 259

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 259
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Lá Féile Mhártan ¶ Tagann lá féile Mártan ar an t-aonad lá déag de mí na Samhna.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is i n-onóir do Naomh Stiopán a thagann sé. Téigeann na buacaillí beaga tart leis an dreóilín an lá sin go dtí gach teach ag iarraid airgead. Is i n- onóir don Naomh a théigeann siad thart mar sin. Sé an fáth a dtéigeann siad thart mar sin deir na daoine gur bé an dreóilín is cionnsíocar leis an Naomh a mharbúgadh. Nuair a bhí sé ag rith ón na námaid do bhí crann i n-aicí leis agus cuaidh sé suas san gcrann agus bhí an dréoilín ann. Nuair a bhí an námhaid ag dul thart dimthig an dreóilín as an gcrann agus do chorruig sé an crann agus do chonnaich a námhaid é. Táinig smaoineadh chucha annsin gur bé Naomh Stiopán a bhí ag corruig na ngéaga. Chuaidh siad go dtí an crann agus fuair siad an Naom annsin agus do mharbhuig siad é. Tá sé ráidte ó shoin gur bé an dreóilín is cionn siochar leis. Nuair a bhíonns lá fhéile Stiopán ag teacht beireann na daoine óga ar an dréoilín agus fágann siad crann beag agus cuireann siad isteac ann é agus téigeann siad thart leis ó theac go teac ag iarraid airgead
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Domhnac Cásg ¶ Nuair a thagann Domhnac cásg tar éis carais bíonn gac duine ag ite go leór uibeaca.

    Nuair a thagann domhnac cásg tar éis carais bíonn gac duine ag ite go leór uibeaca. Bíonn siad curta í bfalac acu san talamh tamall maith roimhe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Feichín Ó Flaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe