School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 245
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí an mhaighdean Mhuire ar a teichead chuaidh sí thar phairc a raibh daoine ag obair agus dubhairt sí leo gá ngabfadh aon duine thart agus dá bhfiafruigheadh siad dóib an ndeacha aon bhean thart a raibh páiste aicí a rádh nach ndeacha. Ba ghearr no go dtáinic na saighdiuirí thart agus dfiafhruigh siad de na daoine an ndeacha aon bean thart a raibh páiste aicí agus dubhairt siad na ndeacha. Dimthigh siad leo annsin agus chonnaic an Mhaighdhean Mhuire ag teacht iad agus chuaidh sí isteach i sean- bhalla . Do bhí giolcaí ag fás timcheall an sean - balla agus chuaidh an mhaighdean Mhuire isteach ann . Nuair a tháinic na saighdiúirí chomh fada leis an bhalla bhreathnuigh siad isteach ann agus an fhaid a bhiodar ag breathnughadh isteach tosuigh na giolcaí ag ceol do bhí faitcíos ar an Maighdean Mhuire go bhfeicfeadh na saighdiúirí í. Dimthigh sí leití annsin agus ba ghearr gur casadh na saighdiúirí dí agus dfiafruigh siad dí céard a bhí aicí in a h aprún dubhairt sí gur uan beag a bí aicí. Ach chuaidh duine aca anonn comh fada leithí agus dfosgail sé a n aprún agus thuit an t-uan síos ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Cheanndhubháin
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe