Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 148
- XML “Seanfhocail”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)20. Nuair is cruadh don cailleach caithfidh sin rith.
Tá sgéal ann faoí an sean-fhocal sin. Bhí beirt fhear ann fadó agus bhí an dúil acu i n-ublaí. Cailleadh duine acú agus cuireadh mála ublaí sios san gconra i n-éinfeacht leis. An fear eile a raibh dúil aige sna h-ublaí ceap sé an oidhche seo iad a goid. Casadh fear dhó a bhí dul ag goid caora agus dubhradar go dtiocfaidís chuig an áit céadhna arís. Ba é fear na n-ublaí an chéad duine a tháinig. Chonnaic cailín é agus chuaidh sí isteach agus dinnis sí do sean-chailleach é. Dubhairt an cailleach í a iomcar amach go gcuirfeadh sí ceist air. Nuair a chonnaic an fear an chailleach ag teacht ceap sé go mba é fear na caorach a bhí ann agus d'iarr sé air an raibh sí ramhar no a mbfhiú í a marbhughadh. Nuair a chuala an cailleach an chaint sin ceap sí go mba í fhéin a bhí i gceist. Chaith sí í fhéin anuas de dhruim an té a bhí da h-iomcar agus rith sí lé na h-anamh.
21. Níl aon greim ar an urcar ó caithfear í.
22. Is feárr an t-sláinte mhór ná na táinte bó - 1. An té is mó ceánn is é is lugha marcach.
2. Imthigheann na daoine acht ní imtigheann na sléibhte
3. An rud a gortuigheas an croidhe caithfidh an t-súil é a shilt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seoirse Ó Seacnasaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe