Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 147
- XML “Seanfhocail”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)29 Is fearr sgoil na máigistíre acht i dteannta a chéile is fearr iad.
30 Is mairg a d'it cúid an t-solais.
31 Briseann an dúbach tre súilibh an cúith. - 1. Is maith an bádóir an fear ar talamh
2. An rud nach ngoidtear fáightear é
3. Bíonn blas searb ar an fhirinne
4. Is furasta fuint i n-aice na mine
5. Mas moch máll a eireóchaidh an grian is lé toil Dé a beidh's an lá.
6. Ní h-iad na fir mhóra a bhaineanns an Fóghmhar ar fad
7. Tá chuile mada teann i na dhoras fhéin
8. Cé ar a olfas sé Domnall a iocfas
9. Is minic a bhris béal duine a shrón.
10. An té nach gcuireann san Earrach ní baineann sé san bFóghmhar
11. Inneachaid Brian agus a dá súil i na dhiaidh
12. Is minic a rinne bromachain giobalach caipilín cumasach
13. Níl donacht i dtír nach feárr de duine eicint
14. Níl laoch dá tréine nach bhfáightear fear a clódh.
15. Is minic a rug dáll ar girraiadh
16. Is feárr leath builín ná beith gan arán
17. An tír nach gcleachtuigheann an marcuigheacht, dearmaduigheann sé na spiuir.
18. Níl grádh dá mhéad nach bhfuil fuath dá réir
19. Ní tiocfaidh an óige faoí dhó choidche.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraigh Ó Fhlaitbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe