Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ta tobar í Cill Ciarán sé an t-ainm áta air na tobar Ciarán. Sé an fáth a tugtar Tobar Ciarán ar, Mar bhí naomh ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air na naomh Ciarán agus bhi sé lá amain thuas ar an gcnoc. Bhí an tobar seo ann. Chuaidh sé suas an dhá lá agus lean na daoine é. D'Innis sé go na daoine go raibh an tobar bheannuighe aige. Tagann daoine í bhfad ó bhaile ag tabhairt turas ar an tobar Lá Ciarán. Do bhíod na sean daoine ag rádh. Dhá mbead bron mhór ortha agus an turas ar an tobair a tabairt go mbead an bron ag imteacht duit ó tosac ag tabairt an turas go mbheadh tú réidh. Bhíodh siad freisin ag rádh dhá mbhead cós tinn ort agus gul go dtí an tobar agus braon dé n-uisge a cuir ar an áit a bheád an pian ort nach mbheadh aon phian ort aris. Agus gach uair dhá bheadh an pan sa gcós ort. dul go dtí tobar aris agus nach mbheadh aon phian ort. Sín é an caoí a fuair tobar sin a ainm agus cill Ciarán a ainm mar bí cill ann freisin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Flaithbheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe