Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go dtiocfad an tinneas orra féin. Bhí athair na bpáistí caillte. Lá amáin ní raib aon deoir bainne le fághail ag na páistí agus ní ólfhaidís agus ní íosfhaidís aon bhlas act bainne. Lá féile muire chuaidh máthair na bpáistí amac agus bhí tom driseaca ag fás ins an áit a bfuil an tobar. Chonnaic sí bean tamall uaidh an tom agus rud geal timceall ar a cloigeann. Tháinig faitcíos urrí roimh an mbean act dubhairt an bhean leí gan aon fhaithcíos a beith urrí acht na driseaca a bhaint agus iad a chaitead síos san bhfairrge agus a theact ann ar maidin agus go raibh poll san leic agus nuair a thiocfhad sí ann go mbead an poll lán lé bainne agus nuair a bhead an bainne imtighte as go mbead sé beannuighte bhí áthas mór ar an mbean annsin. Bhain sí na driseaca agus chaith sí san bhfarraige iad. Nuair a tháinic sí ar maidin bhí na driseaca ag an tobar agus é lán lé bainne. Thug sí an bainne abaile léí agus nuair a d'ól na páistí bhíodar ag feabhasadh agus nuair a d'óladar an bainne an dara bhíodar níos fearr. Bhí an bainne ann go ceann seactaimne agus annsin tháinic uisge ann arís bhí na daoine ag ceapadh go bí an mhaigdean mhuire a bhí ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Breathnac
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe