School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 125

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 125

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 125
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar beannuighthe timcheall na h-áite seo agus is é an t-ainm atá air tobar Colum Chille. Tugann chuile dhuine turas ar an tobar. Is tobar deas beag atá ann agus ní thriomann sé aon am san mblian. Nuair a bhíonns siad ag tabhairt an turas baineann chuile dhuine díob a gcuid bróga. Fághann siad naoi gclocha beaga agus tosuigheann siad ag dul thart timcheall ar an tobar agus chuile úair a theigheadh siad timcheall ar an tobar chaitheadh siad uatha an cloch. Deireann siad trí cinn de pháidreacha ar chuile cloch a chaitheann siad uatha. Is iad na páidreacha a deireann siad ná Cré na nAspal, agus sé do bheatha a Mhuire agus Ar n-Athair. Nuair a bhíonns sé sin déanta aca téigheann siad ar a nglúnaíbh ós cómhair an tobair ag rádh páidreacha. Nuair a bhíonns sé sin déanta aca cuireann siad ortha a gcuid bróga. Fágann siad sgaball nó páidrín in a ndiadh ag an tobar. Fágann siad bláthanna ag an tobar freisin. Tugann siad buidéal leo go dtí an tobar agus tugann siad cuid den uisge abhaile leo. Is é an caoí a cuireadh ar bun an tobar seo. Nuair a bhí Naomh Enda ar oilean Árainn do bhíodar ag iarraid an oileán a roinnt eadorta. Séard a rinne siad ná tosuigh ag leigheam
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Cheanndhubháin
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe