Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 119
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amac agus cas sé na beithidhigh. An cead fhear a dtáinic sé suas leis buail sé é agus leag sé é. Bí naonmhar aca ann agus marbuig sé octar aca. Dfág sé an duine deirneac lé scala a thabhairt abhaile. Cuaid an fear abhaile lé na cuid beithidhigh. Sin é an fáth ar a dtugtar Áil an tréanfhir ar mar geall ar an focal a dubhairt an máighistir. Cuiread annsin iad agus tá na cloca lé feiceal ann fos a cuaid as a gcionn. Ní inaon poll amain a cuireadh iad act in a ndiaidh a céile.
- Cnoc an Triléain
Déirtear gur ó bhean a fuair an chloc sin a h-ainm. Tá sí suidhte taobh thiar don bhóthar atá ag dul amac go dtí an cnoc.Loch an Óir
Tá an loch sin suidhthe amuigh ar an gcnoc taobh ó deas do bhotar loc an óir. Déirtear go raibh fear ann fadó agus bhí beirt mac aige. Bhí a dhothain airgidh ag an sean-fhear acht ní raibh pigin ar bith ag a beirt mac agus ní raibh an sean-fhear ag tabhairt airgead ar bith dhá beirt mac. Bhí an sean-fhear ag éirge sean i gcomnuidhe agus dubhairt sé lá leis an mac bóige é do thabhairt ag iasgacht sa mbád ar an loch agus túg an mac é. Chuaidh siad amach agus ba gearr go dtúg an sean fhear mála amach as a brollach agus bhí sé amuigh i lár na locha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chlochartaigh
- Inscne
- Baineann