Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sruthán an Mhuilinn.
    Sruthán atá ag dul amac as loc an iarrainn agus sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air mar bhí muilinn ann fadó agus bhí coirce agus córna dhá muilt ann agus sin é an fáth gur dtugadh an t-ainm sin air. Agus bhéadh an triomid cuid de'n min ag dul doibh féin.
    Áil an tréanfhir.
    Sé an fáth gur tugadh an t-aimn sin uirri. Uair amhain bhí creacadóiri ag dul thart agus chuadar isteac ar oilean air dtugtar Fínnis. Tugadar leo a raibh de beithidhigh ann. Ní raibh aon fhear ann nac raibh amuic ar an bhfarraige ag iasgac. Bhi baintreac ann agus bhi mac amháin aice agus nior éirighe Sé as an teallac ariamh. Táinig a máthair isteach agus dubhairt si leis gus mhór an náire do nac raibh sé i ndon na beithidhigh a coinneál ó na creacadóirí. D'éirigh sé agus rug sé ar maide bád iomara a bhí sa t-sráid ann agus rinne sé dá leith de ar an gclaide. Rug sé ar an gceann ba mhó de agus d'imigh sé leis in a ndiaidh. Nuair a tháinic siad go dtí Áil, annsin dubhairt an máighistir a bhí orra Tá tréan fhear ag teacht aniar agus má cuidigheann se linn is fearrde duinn é agus mara gcuidigh ta se go dona duinn. Do siubhail se
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Bairbre Ní Donnchadha
    Inscne
    Baineann