Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 107
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgiath nuair a bhíodh siad ag teacht isteach ó'n gcnoc.
Áill na Caillighe
Tá an áit seo suidhte i gCalladhmuighinse shíos in aice leis an bfairrge . Bhí sé ráidhte go dtáinig sean bhean i dtír ann fadó agus do cuireadh in aice leis an áill seo í.
Oileán an laoigh:
Ta an oileán seo suidhte in aici leis an bfairrge agus sé an fáth go dtugadh an t-ainm sin air mar go dtáinigh laoigh i dtír ann agus bhí cúig cosa air. - Beann an t-saighdiúir:-
Seo é an fáth go dtugrar beann an t-saighdiúir air an áit.Tá an ait sin suidhte ar ceann dé na beanna beola. Bhí saighdiur ag dul an bealach uair amháin agus marbh é.
Easgeal na Bhó:-
Tá an áit sin suidhte amuigh ar an gcnoc. Uair amhain bhí sean bhó ar an gcnoc. Agus bhí sneachta mór ann. Bhí an mbó seo ag dul isteach gun gcnoc agus chuaidh sí dhá bhathadh annsin tugtear easgeal na bhó air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe