Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 099
  3. XML “Seancheirdeanna - Ag Déanamh Coinnle”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó ní bhíodh coineall ar bith le faghail sa tír. Ní bhíodh aon solas aca san oidhche bhídís féin ag deanamh coinnle le bribheanna. Ní bhíodh ola ná solas ar bith aca ach na coinnle a dheinidhís leis na bribheanna. Ar dtús theighidís amach sa ngarraidhe agus bhainidís na bribheanna agus thugaidís isteach iad agus ghlanaidís iad agus sháithidís suas sa seimléar go mbeadh siad cruaidhe. Annsin nuair a cheapaidís go mbeadh siad sáthach cruaidh thugaidís anuas iad agus bhainidís díob an craiceann agus nuair a bhíodh an méid sin deanta aca chuiridís suas san seimléar arist iad. Nuair a bhíodh sé trí no ceithre lá ann thugaidís anuas arist iad agus chuiridís sios pota mór ar an teine agus chaithidís na bribheanna síos ann agus annsin gheobaidís geir caora nó bithidheach agus chaithidís síos sa bpota é annsin thosuighidís dá measgadh thart timcheall. Nuair a bhíodh an pota tamall maith ar an teine thógaidís aníos é agus thógaidís na bribheanna agus an gheir aníos as agus do dheinidís cruinn é agus annsin d’fhágfadh siad annsin é go mbeadh sé fuar agus annsin bheadh sé in na coinnle. Do bhíodh na coinnle seo níos fearr ná na coinnle atá ann anois agus is mó solas a bhíodh ortha ná mar atá ar na coinnle atá ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. déanamh coinnle (~728)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghidh Ní Mhaoilchiaráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Mhaoilchiaráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe