Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Faoi na Dlíthe PíanúlaSan am fadó nuair a bhí na péin-dlíthe gá déanamh I nÉirinn duine ar bith a diolfad cloigeann sagairt geobhac sé cuig punt air. Bíodh na sagairtag imteacht ar a dteiceadh agus bíodh saigduiraí ag cromhad ar a dtóir. Lá amháin bhí sagart ar a theicheadh agus casadh siar go Mogreis é . Tháinig sé go dtí fear a bhí ag dóghadh ceilp síos le taobh an cladaigh. Ní raibh sé I bhfad ann nuair a choinnic siad an námaidh ag teacht. Dubhairt an sean fear a bhí ag doghadh an cheilp leis an sagart a cuid éadaigh a thabhairt dó féin. Nuair a bhí an téadach artuigte aca tháinig an námidh. “Tá sibh I ngream” arsa siad “Tá” arsa an sean fear a raibh éadaigh an t-sagairt air. “An raibh doinne eile leat” “Bhí” Arsa sé “Tá cuigear eile aca istigh ar an óilean seo. Istig ar a dtugtar crua na caoile tá an t-óilean seo suidhte amach ar agaidh Mogreis, agus ta bád mór síos anseo ag an gladdach agus rachimuid isteach aran óilean innte fuaidear síosgo dtí an cladaagus thogadar an bád leobhagus cuadhar isteach aran oileán. Bhí gach duine go na saigdúirí ag rith amach as an mbád feiceannt a mbéadh an cloigeann aige féin. Nuair a fuair an sean fear iad amuigh ar óilean croch sé féinleis an bád ag bí an sagart agus é féin slán. Ní raibh sagart ar bith ar an oileán foimhna saigdiurí. Bíodar istigh ar an oileán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Cheannabáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomas Ó Cheannabáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe