Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 081

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 081
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus d'imtig leis ar lorg an caora. Chuaidh sé isteach sa cruinnte a bhí ar leat taobh an bhótair agus chuaidh sé i bhfolach ionnta. Ní raibh se i bhfad i bfolac sa cruinnte nuair a chuaid buachaill an gadaidhe dubh siar an botar agus ní raibh aige acht aon caora amháin. Crom sé ag breannuigh uaidh agus nuair d'iompuigh sé ní raibh an caora le feicéal aige. D'imitigh mac na baintraig leis no go dtáinic sé go dtí an gadaidhe dubh. Túg an gadaidhe dubh an caora agus na cuig punt dhó. Túg Seán na chuig punt agus an caora abhaile cuigh a mátair. D'imitigh sé arís no go dtáinic sé to dtí an gadaidhe dubh. Dubhairt an gadaidhe dubh leis go gcailleach sé an ceann (anocht) an céad oidhche eile mara ghoideadach sé an brailín a bhí faoi'n minisdeada agus faoi na béan. D'imitig Seán leis no dtáinic sé go dtí teac an minisdeara. Chuaidh se isteach ann agus fuair se loistin ann. Ba gearr go ndeacha gac duine acha codhladh agus nuair ceap Seán go raibh siad na gcodladh. Chuaid sé ag goid an bráilin agus goid sé í. Táinic sé go dtí teac an gadaidhe dubh agus túg an gadaidhe chuig punt éile dhó. Dubhairt an gadaidhe dubh go gcailleach sé an ceann anocht mara goideach sé cupla meál cabhaiste as garrda an mínisdeara. Cuaidh se dhá ghoid agus connaich an minisdeara é agus thúg sé bota mór leis agus chuaidh sé dhá bhualadh. Nach bhfuil fhios agat gur mise atha ann arsa Seán. Mise atá ann. Mise atá ann arsa Seán. Tá fios agamsa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chlochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Beartlí Ó Chlochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe