Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cashel
- XML Leathanach 186
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-Aonach.
Is aonach áit a mbíonn mucaí, caoirigh, agus beithighidh 'gá ndíol, 's 'gá gceannacht. Is gnás é má cheannuigheann duine bó no laogh márcann sé iad le clábar nó le brásail. Cuid den fionnach a ghearradh de na mucaí a déantar le márc a chur ortha.
Déanann daoine margadh nuair a tádar ag díol nó ag ceannacht. Tugann duine cuid de'n airgid arais t'réis beithighidheach a dí ionnus go mbeadh an beithighidheach ádhamhail do'n cheannuightheóir.
Tagann ceannuightheóirí as bailte móra go dtí na h-aoinigh ag ceannacht beithighidh 's caoirigh. Tugann siad cárranna móra leo le iad a thabhairt ar siubhal.
Fadó ní raibh aon aonach ní ba ghoire ná Cloch-Na-Rón. Faoi láthair bíonn aonach i gCaiseal 'cuile mhí. Tagann daoine i bhfad ó bhaile ag díol 's ag ceannacht. [D'íocadh piodhc?] i gCloch-Na-Rón fadó acht ní ar sin a déantar anois. Bhíodh aonach i dToom Beola fadó nuair a bhí beithighidh an-daor i n-am an chogaidh.- Bailitheoir
- Cáitlín Seóige
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Seóige
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe