Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 182

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 182
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-Fhocla.
    Níl mórán sean-fhocla ag na daoine thart annseo. Tá sean-fhocal ag na daoine thart annseo agus tá sgéal ag dul leis. "Nuair is cruaidh do'n chailleach caithfidh sí rith." Seo é an sgéal.
    Bhí sean-bhean ann fadó agus bhí aon mhac amháin aice. Baineadh an teach díobh agus b'éigin dhóib bóthar a bhogadh. Bhí an mac ag iomchur an mháthair. Ní rabhadar i bhfad nuair chonnaiceadar taidhbhise, leig sé síos í annsin agus rith sé féin. Rinne an cáilleach iarracht eirighe acht ní riabh sí i don.
    Tá cúpla sean-fhocla eile aca; seo cuid aca. "Nuair is an greann 'seadh is fearr leigeann dhó." "Ní hé lá gaoithe lá sgolb."
    Tá sgéal faoin sean-fhocail seo. "Ní hé lá n gaoithe lá na sgolb." Uair amháin bhí aimsear breagh ag na daoine ar feadh seachtmhaine. Bhí fear amháin ann agus bhí a theach ag leigeann tríd faoi cheal chíbe. Bhí an seachtmhain sin caithte agus i n-a dhiadh sin tháinig seachtmhain gaoithe. Chaith an fear an cíb chur suas an t-seachtmhain sin.
    Tá sean-fhocal eile ag na daoine thart annseo. "Is fearr an troid ná'n t-uaigneas." Tá sgéal ag dul leis. Bhí bean agus a h-inghean i n-a gcomhnuidhe san áit seo uair amháin. Nuair a bhí an inghean fiche blian
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Lochlainn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Seóige
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe