Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “Fathaigh agus Cailleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fathaigh agus Cailleacha.
    Níl mórán sgéalta faoi fhathaigh thart annseo. Tá sgéal faoi fathach a bhí i n-a chomhnuidhe ar Cnoc Beanna Beola agus Beóla an t-ainm a bhí air. Bhí fathach eile i n-a chómhnuidhe ar Cnoc Mordán agus Mordán a bhí air. Thosuigheadar ag troid lá ag féachaint cé aca ba láidre. Cháith Beóla cloch le Mordán agus chaith Mordán cloch le Beóla agus marbhuigh sé é. Tá cloich Bheóla le feiceál fós i n-áit ar a dtugtar Criathrach Cuireall.
    Tá sgéal faoi cailleach agus caillea Bhéarra an t-ainm a bhí uirthi. Deirtear gurabh í an bhean ba shine ariamh í. Maidin amháin dubhairt sí le n-a h-ingean; "Eirigh suas a inghean, is gabh go dtí dinghean, agus innis di go bhfuil inghean óg ag inghean a h-inghinne ó aréir. Sin í aois na caillighe Béarra.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Seoige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Seóige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe