Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 175

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 175

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 175
  3. XML “Scéal faoi Bhoin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean as an áit seo i na comhnuidhe thoir i Gleann Treasna fadó agus bhí bó ionnlaigh amuigh ar an sliabh aici. 'Sé an t-ainm a bhí uirthi "Curamach Mór". Lá amháin chuaidh sí amach i na coinne; thainic múir mhóir uirthi agus shuidhe sí síos faoí áill. Chualadh sí bean ag bogadh paiste istigh san áill agus seo é an amhrán a bhí aici. "Codhladh mo leanbh beidh laogh ag an Curamach Mór ar báll agus togfaidh sí mise agus tusa" "Seo dhuit i agus mo beannacht" ars' an bhean eile agus d'imthigh sí abhaile. Blián 'na dhiaidh sin bhí sí na suidhe cois teine agus d'áirigh sí bó ag géimneach. "Muise" dubhairt sí 'da mbeadh an Curamach Mór beo is cosamhail le na géim é. Bhreathnuigh sí amach agus cé bheadh ag teacht isteach an t-sráid acht í agus laogh toighte ag rith le na taobh.
    Níl mórán capaillí timcheall annseo. Is deas glán an ainmhidhe é. Tádar beathuighthe ar coirce agus féar. Láir a tugtar ar an gcapall a bhíos an searrach aice, agus bromach a tugtar ar searrach bliadhna. Cuirtear cruidhthe ar na capaillí a bhíos ag obair. Nuair tá márcach ag dul ar chapall cuireann se srián agus dialliad air. Cuirtear gleidhte air nuair tá sé ag dul faoí carr nó trucaill.
    "Fróch, Fróch" a déirtear ag glaodhach ar chapall.
    Is cosamhail leis an capall an asal, an rud a fheileas do chapall feileann sé do'n asal freisin. An rud is mó atá an asail i n-usáid is leis na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    43
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe