Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 171

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 171

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 171
  3. XML “Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I n-iomairí a gcuirtear na fataí sa gceanntar seo. Bíonn na iomairí seo slat ar leithéid. An chéad rud a ndéanadar leis na bfataí sciolláin a bhaint asta. Sin é an t-ainm atá ar na píosaibh nach bhfuil aon t-súil ionnta. Lugáin a ghlaoidhtear ar na píosaibh nach bhfuil aon t-súil ionnta. Craithtear na sciolláin ar na h-iomairí annsin timcheall troigh ó na chéíle. Cuirtear aoileach nó feamuinn ar an dtalamh ar dtús sul a gcuirtear na sciolláin ann. Talamh nach raibh curtha ariamh cheana cuirtear leasughadh as an siopa air. Annsin caithfear na sciolláin do chludú go maith le cré.
    lántar na fataí nuair bhíonn na baslóga go maith ós chionn talmhan, sin é cuirtear cré nuadh ortha. Baintear na fataí i nDeire Foghmhair. Pioctar na cinn maithe asta agus cuirtear isteach i bpoll iad agus tugtar na cinn lobhtha agus beaga do na cearcaibh agus do na lachainibh. Cuirtear cloch-gorm ar na bfataibh nuair atá an dubachan ag teacht ortha. Seo iad na fataí a fásann anseo. Kerr Pinks, Aran Banners, British Queens agus Lady Fingers.
    Tagann na comharsanna ag tabhairt congnamh dha chéile thart annseo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáitlín Seóige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Padhraig Seóige
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe