Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cashel
- XML Leathanach 162
- XML “Bóithre an Cheantair seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Siad na bóithre atá 'san cheanntar seo anois, an bóthar go Cloch na Róin an bóthar go Sráth-Sálach an bóthar go Clochán agus an bóthar go Cárna. Bhí bóithre ann fadó ach níl ionnta anois ach cásáin. Sul a ndearnadh an seipéeal ar an gCaiseal bhí bóthar ó Sruth-Sháil go mBéal an Atha Fada amach treasna na sléibtibh. Bhíodh na daoine ag dul amach chuig an
t-Aifreann agus ba aith-ghiorra dóibh an bealach sin, acht nuair rinneadh an séipéal ar an gCaiseal ní raibh na daoine ag siubhal air chomh minic, d'fhás an féar air agus níl ann anois ach cosáin. Bhí bóthar eile ag dul suas taobh thuas se Sruth-Sháile soir Dúin Ríogacháin agus Caiseal Árd agus síos Gleann Tuircín, agus níl an cosán féin le feiceál acht cuid de'n bealaighe. Bhí go leor de'n t-sórt bóithre seo ann fadó, acht nílid i
n-úsáid ó rinneadh na bóithre publiochta.
Bhí go leor gadhuidhe ann freisin sula a rinneadh na bóithre publiochta agus tá go leor lochaí cnocáin agus puill timcheall annseo ainmnidhthe 'na diaidh acht nuair rinneadh na bóithre seo ní raibh an oiread deis aca éalú ar na daoinibh i ngan fhios. Bhíodh siad istig 'san sliabh ag Baile na h-Inse ag fáireamh ar na daoinibh ag tigheacht ó Clocháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Donnchada
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Dhonncadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe