Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 150
  3. XML “Ainmhithe Fiáine na hÁite seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. ‘Siab na h-Ainmidhche is mó atá thart annseo: an girrfhiadh, an coinín, an easóg, an ghrainneóg, an broc, an dobhar-cú, an rón sionnach.
    Pluas a bíonns ag an sionnach, tá sé amuigh sna cnonaibh de gnáth. Tá pluas sionnaigh ar an taobh thiar de Cnoc Caiseal. Sgáilpiní Ghailiní a dtugtar ar an hait a bhfuil sé in ann.
    Níl easóga go h-an flúirseach thart annseo ach mar sin féin thaid ann. Dar ruadh atá ortha. D’Feictheá go minic i bpoll claidhe iad. Tá cuid de mhianach an chait ionnra ach tá i bhfadh níos mó de mhianach an franncaigh ionnra. De réir na daoine tá smugairle na h-easóige nimhneach. Ainmhidhthe conralacha iad. Tá leath – rádh againn. “Chom crosta le mála easóg”.
    Tá dhá shórt broc ann. Broc gadhair agus broc mua. Tá smut mar muc ar ceann atá ar ceann aca agus smut gabhair ar an gceann eile. Tá an fionadh atá ar an mbroc go h-an luachmhar. Pluas atá ag an mbroc.
    Ceann de na h-ainmhidhthe is aistí thart annseo, seadh an ghráinneog. Tá deilgne innti ar a nglaoidhtear bearrbhaigh. Sáitheann sí amac iad seo nuair feiceann sí chuici aon chontabhairt ar bith.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Seóige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seosamh Seóige
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe