School: Cashel (roll number 11358)

Location:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Teacher:
P. Ó Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cashel
  2. XML Page 137
  3. XML “Ainmhí Sí”
  4. XML “Ainmhí Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    se ag rithe thart ar an bhfear. Ní raibh fhios ag an fear céard a dheanfadh sé. D’fhág se síos an móin agus d’imigh an coinín ar ais sa gcruaic.
    In aice na h-aite seo fadó bí poll agus deirtear go raibh croca óir ann . Aon duine a deanfaidh iarracht an croca a thabhairt leis thiocfaidh eascí mhór suas go barr an phuill agus deanfadh sí lúb di féin. D’innis daoine don sagart fuithi agus tháinic seisean agus thosiagh sé ag guidhe. D’imigh an eascú agus agus níor tháinic sí I ndhiadh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ainmhí Sí
    Máire Seóige Sruth Sháile
    Caiseal, Co. na Gaillimhe,
    Ó Sorcha Seóige,
    Sruth Saile, Caiseal,
    Co. na Gaillimh (4.5).
    Ainmmise Sise,
    Níl aon ainmmise sibh thar timpeall na háite seo anois, ach de réir na sean daoine bhíodh go leor aca ann fadó, bhí go leor aca annseo.
    Bhí bean darab ainm Peig Uí Laoinseach in a corhnnuidhe thart annseo leath-chéad blian o shoin. Bhí sí ag teacht ó Clocán lá. Dhearc sí amach an loch. Chonnaic sí go leor beicíseach amuigh ar an loch. Bhíodar a buiriugh agus a géimneach agus ag rith thart ar an uisce. Annsin bheirigh fear suas ón uisce agus thosaigh ag cur smacht ar na beirigh . Thréis tamall dimigh said agus ní fhaca sí níos mó iad. D’innis sí go fear puca agus dubhairc sé gur minic a bhfaca sé féin iad.
    Tá scéal eile faoi bean a bhí ‘ na comhnuidhe i Ros Ruadh. Ní raibh aon bó ná báinne acu. Lá amháin bhí duine dá clann tinn, agus bhí báinne ag teastail go géar uatha. Táimid bó deas riabach chuig an doras agus bligh an bean í. Líon sí gac soireach sa tecah leis an báinne. Lagadh an bó mar sin gac lá agus tar éis tamall chuala ceann se na comhsumaibh fuichi agus tháinic ead air. Bligh sé an bó. Níor tháinic sí i ndiadh sin.
    Tá ceann eile faoi fhear a bhí ag goid móna bí se mall san oibre . Nuair a shíl an fear fód a chuir ‘na mála léim coinín beag bán amach as an gcruaic agus thosaigh se ag rithe thart ar an bhfear. Ní raibh fhios ag an fear céard a dheanfadh sé. D’fhág se síos an móin agus d’imigh an coinín ar ais sa gcruaic.
    In aice na h-aite seo fadó bí poll agus deirtear go raibh croca óir ann . Aon duine a deanfaidh iarracht an croca a thabhairt leis thiocfaidh eascí mhór suas go barr an phuill agus deanfadh sí lúb di féin. D’innis daoine don sagart fuithi agus tháinic seisean agus thosiagh sé ag guidhe. D’imigh an eascú agus agus níor tháinic sí I ndhiadh sin.
    Caitlín Seóige.
    Sruth – Saile , Caiseal,
    Co na Gaillimhe.
    Bí fear ag dul thar loch agus chonnaic sé capall ag léim anseo aníos ag dul i measc na gcapall eile a bhí in aice loch. Bhí iontas mór air nuair a chonnaic sé an sort capaill a bhí ionntu. Bhí muinéal mhór fhada uirthi aguss an bach ba deise dá bhfaca sé a riamh. Dhearc sé go maith uirthi naoi nó deich moimeasaí agus léim sí síos sa loch arís. Tháinic an fhaitíos ar an bhfear mar gur chuala sé na sean-daoine a raibh roimhe sin go raibh capall sa loch agus dá bhfeicfeadh sí tú sul a bhfeicfeadh tú é go mbeifeá caillte roimh blian ; ach nífios agam ar chailleadh é nó ar cailleadh.
    Ó Maíre Seóige,
    Sruth-Sáile, Caiseal,
    Co na Gaillimhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. eacha uisce (~138)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Seóige
    Gender
    Female
    Address
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Máire Seóige
    Gender
    Female
    Age
    55
    Address
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe