Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maighros
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Scéal Béaloidis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus ní raibh aige ach leath-shúil. Lá amháin chuaidh sé isteach go siopa ag ól. Nuair a bhí braon maith ólta aige thosuigh sé ag troid leis an gcailín a bhí sa siopa. Dubhairt sé léithe go raibh an t-uisge-beatha ró-dhaor agus an fíon agus gach ól eile ró-dhaor aici. Thosaigh sé ag cáineadh an chailín ansin agus ag glaodhach leas-ainmneacha uirthi. Nuair a bhí sé ag imtheacht thug an cailín buidéál mór lán de uisge beatha dhó agus dubhairt sí leis gur bronntanas a bhí sí a thabhairt dhó. Ghlac sé buidheachas léithe agus chraith sé láimh léithe agus dubhairt "Tá súil agam go bhfeicfidh mé arís thú". "Tá" ar sise "agus tá súil eile agat nach bhfeicidh mé go deo".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire B. Níc an Ríogh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Cóilín Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Maíros, Co. na Gaillimhe