Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal Béaloidis

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 108

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Nuair a baisteadh Oisín thug Naomh Pádraic go dtí a theach féin é. Bhí buachaillí agus cailíní ag Naomh Pádraic. Thaithnigh na buachaillí go mór leis ach bhí an ghráin aige ar na cailíní. Lá amháin bhí gadhair óga ag gadhar Naomh Pádraic agus ní raibh fhios aige cé aca a choinneochadh sé.Dubhairt an buachaill leis croiceann caora d'fhághail agus iad a chaitheamh leo agus an ceann deire a choinneochadh a ghríom a choinneáil.Chaith sé iad agus bhí an gríom deire ag ceann aca.
Choinnigh sé an ceann sin agus nuair a bhí sé bliadhain d'aois dubhairt an buachaill go raibh sé i n-am aca a dhul ag fiadhach.Ba ghearr gur mharbhuigheadar cúpla feadóg. Ansin chonaic siad sgamall ar an spéir agus dubhairt Oisín gur éan a bhí ann. Tháinic sé go dtí an áit a raibh siad agus lean an gadhar é agus mharbhuigh sé é. Bhí an gadhar ag fiadhach go deo gur thuit sé siar marbhú. Bhí Oisín agus an buachaill an-bhrónach i na dhiaidh. Tá sé ráidhte dá maireadh sé gurbh é an gadhar is fearr a bhí sa domhan ariamh é.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Maiteas Mac Donnchadha
Inscne
baineann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Máire Ní Donnchadha
Inscne
baineann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge