Beithidhigh Leath-cholpa: leath-cholpa a thugtar ar bheithidheach ó dhá bhliadhain go dtí sé bliadhain. Colpa: Colpa a thugtar ar bheithidheach trí bliadhna. Gamhain: Gamhain a thugtar ar bheithidheach bliadhain nó dhá bhliadhain d'aois. Bó gamhnach: Bó gamhnach a thugtar ar bhó nach raibh aon laoigh aici le bliadhain. Bó sheasc: Bó sheasc a thugtar ar bhó nach mbíonn aon bhainne ná laoigh aici. Laoigh: Laoigh a thugtar ar bheithidheach ó bhéarfar é nó go mbíonn siad leath-bhliadhain d'aois. Sean-laoigh: Sean-laoigh a thugtar ar bheithidheach ó leath-bhliadhain nó go mbíonn siad bliadhain. Loloigeach: loloigeach a thugtar ar bhó a bhíos tar éis laoigh. Bó bhleasg: Bó a mbeadh bainne aici ach go mbeadh sí tamall maith tar éis laoigh. Bó unlaoigh: Bó unlaoigh a thugtar ar bhó atá le h-aghaidh laoigh. Bridóg: Tugtar bridóg ar bhó nach raibh aon laoigh ariamh aici agus í a bheith an-ghar do laoigh.
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »