Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

3. Bhí gréasaidhe ann fadó agus tháinig fear eile ag fóghluim gréasaidheacht uaidh. Lá amháin chonnaic an gréasaidhe bean ag dul thart agus caora aici. Dubhairt an gréasaidhe leis an bhfear eile go mbeadh an chaora sin aige le h-aghaidh a dinneaire agus dubhairt an fear nach mbeadh. D'imitigh an greasaidhe amach agus chaith sé bróig ar an mbóthar agus rith sé píosa eile agus chaith sé an ceann eile ann. Nuair a tháinig an bhean thart chonnaic sí an bhróig agus dúirt sí lei féin faraor nach bhfuil an bhróg eile agam. Chaith sí uaithi an ceann sin agus d'imithigh sí léi. Ní raibh sí i bhfad imithighthe nuair a fuaire sí an ceann eile agus dubhairt sí faraor gan an ceann agam a bhí agam i dtosach. D'fhág sí an chaora agus an bhróg ar an mbóthar agus chuaidh sí ar ais i gcoinne an bhróig eile. Nuair a bhí sí imithighthe tháinic an gréasaidhe amach ó'n gclaidhe agus thug sé leis an chaora abhaile. Fá cheann trí bliadhna eile tháinig an bhean céadna an bóthar agus caora eile aici. Dubhairt an greasaidhe leis an bhfear go mbeadh an caora sin aige agus dubhairt an fear nach mbeadh. D'imithigh sé leis agus nuair a bh an bhean ag dul thart thosuigh an gréasaidhe ag meidhleach. Cheap an bhean gurb í an caora a d'imithigh uaithe cheana a bhí ann ag meidhleach. Chuaigh sí isteach ins an ngarraidhe dá toruigheacht agus nuáir a bhí sí istigh thug an greasaidhe leis

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Brighid Nic an Ríogh
Inscne
baineann
Seoladh
Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Cóilín Ó Cúláin
Inscne
fireann
Seoladh
Maíros, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge