Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Laethanta Áirithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 095

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá laethe airithe ann nach maith leis na daoine thart anseo tosú ag obair. Deir na sean daoine nach ceart aon obair a thosuigh Diardaoin amháin thríd an mbliadhain ar a dtugtar Diardaoin Dearg. Ní’l fhios ag aoinne cé’n Diardaoin ar a dtagann sé sin agus dá bhrigh sin deirtear nach ceart obair ar bith a thosuigh ar eagla go mb’é an Diardaoin Dearg a bhéadh ann.
Ní maith le aoinne tosuigh ar obair Dia Satharn mar deirtear gur “tosuigh mall é tosuigh an t-Satharn.” Nuair a bhíos cruadhóg mór ar na daoine mar sin féin déirfidh siad “Satharn Muire agus cuirfidh Muire an t-ádh ar dhúinn.
Deir cuid aca freisin nach ceart rud a thosuigh ar Dia Luain. “Tosuigh an Luan tosuigh an deamhain” a deireas na sean daoine.
De réir sgéil ní thosuigheann einne de mhuinntir Conghaile ar aon obair go dtí Dia h-Aoine.
Tá lá eile fós ann ar a dtugtar “Lá crosta na bliadhna” agus deirtear ’á dtagadh sé ar Dia Luain i mbliadhna go dtiocfadh sé Dia Máirt an chéad bliadhain eile. Ní maith le aoinne obair a thosuigh an lá sin acht mar sin féin is minic a tosuightear é ’á mbéadh cruadhóg mhór leis.
Tá cuid de’s na daoine nach maith leo tosuigh ag bainnt féir Dia Luain nó Dia Ceadaoin. Má fhiafruigheann tú cé’n fáth déarfaidh siad “Loma Luain nó bearra Céadaoin ní bhíonn aon mhaith ann.”

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Dhonncadha
Inscne
baineann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seosamh Mac Donnchadha
Inscne
fireann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge