School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó nuair a bhí Oisín in éineacht le Naomh Pádraic bhí cailín aimsire ag Pádraig. Lá amháin thug sé cáca mór isteach chuig Oisín. "An bhfaca tú aon cháca ariamh i gCathair na bhFiann chomh mór leis sin" adeir sí. "Chonaic mé duilleog eibhinn a bhí chomh mór leis" adeir Oisín. "Thug tú 'téach" ar sise. Ansin thug sí miosgán ime isteach chuige. "An bhfaca tú aon mhiosgán ime chomh mór leis sin ariamh" ar sise. Chonaic mé caor chaorthain chomh mór leis" ar seisean. "Thug tú 'téach" ar sise. Ansin thug sí ceathradh caoir-fheola isteach. "An bhfaca tú aon cheathradh feola ariamh chomh mór leis sin" ar sise. "Chonaic mé ceathradh lon dubh chomh mór leis" a deir Oisín. "Thug tú 'téach" ar sise.
Maidin lá'r na bhárach chuaidh Oisín agus buachaill aimsire Phádraig amach ag fiadhach agus thugadar cú leo. Bhíodar ag siubhal leo nó go dtáinig siad go dtí gleann mór leathan. Ansin ba ghearr go dtáinig lon-dubh a bhí chomh mór leis an gcú. D'ionnsuigh an lon-dubh agus an cú a chéile agus ba ghearr go bhfuair an cú an lámh uachtair agus chuir sé chun báis é. Ansin fuair Oisín caor chaorthain agus duilleog eibhinn. Bhí siad chomh trom is nach raibh an buachaill indhon iad a ardú. Thug Oisín abhaile chuig an gcailín iad agus nuair nár chreid sí é mharbhuigh sé í.- Collector
- Stiophan Mac Gloinn
- Gender
- Male
- Address
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Beartla Guairim
- Gender
- Male
- Address
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe