Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 085

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 085

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maighros
  2. XML Leathanach 085
  3. XML “Seán Breathnach An Rois Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. “Seán Breathnach an Ruis Ruadh.”
    Ag gabháil dhom ar mo threabhléireacht
    Thart siar trí Chonamara siar
    Seadh casadh an ainnir dhom
    Ba dheise sa bPár Méin
    Do labhair sí liom go h-aigéanta
    “Ó is fada fear mait ’a teastáil uaim
    Nó a dtiocfaidh tú abhaile liom
    Go gcaithidh tú do shaoghal.”
    Nuair a fuair mé féin an tairisgint
    Níor liom féin í bhfhaillighe é
    Chuaidh mé go teach a h-athar
    Ag obair nídh nár chleachtadh liom d’oidhche is de ló
    Nuair a d’éirigheadh sí ar maidin
    Ní ar a glúin a rachadh sí
    Bhí buille chearc is mhada aice
    Is í feargach go leor.
    Nuair a chuala mé an caibidíl
    A bhí ag mná is páistí an bhaile orm
    D’imtigh mé agus
    Níor fhill mé níos mó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheal Mac an Íarla
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Íarla
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe