Is iomdha saghas caitheamh aimsire atá ag na daoine thart anseo. Bíonn cluichí faoi leith ag na cailíní agus ag na buachaillí. Seo cuid de na cluichí a bhíos ag na buachaillí.
Asal agus Cléibhíní: Seo é an chaoi le n'imirt. Gabhfaidh duine amháin síos ar a dhá ghlúin agus cuirfidh beirt eile a gcosa suas ar a dhruim agus béarfaidh siad ar lámhá ar a chéile. An duine is fuide atá indhon iad sin a iomchar sé is fearr.
Muca mara: Seo é an chaoi a n-imrightear é sin. Cromann go leor daoine síos agus tosócaidh siad ag léimneach thar a chéile.
ag rith ar choiníní,
ag rith ar asóga,
ag toruigheacht neadracha éan,
ag tógáil muiríní le bradóig,
ag caitheamh le marc,
ag dul go dtí na h-Oileáin ag tóruigheacht uibheacha faoileáin agus gúiróga,
ag tóruigheacht iasgáin,
Dallóg: Seo é an chaoi a n-imrightear é: Cuireann duine píosa éadaigh ar a chuid súile agus bíonn sé ag iarraidh breith ar na daoine eile. Má chliseann air breith ar dhuine ar bith caithfidh an duine sin an dallóg air.
(leanann ar an chéad leathanach eile)