Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 073
- XML “Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha caitheamh aimsire a bhíodh ag na daoine thart anseo fadó. Seo cuid aca. Bhíodh na fir ag ardughadh clocha ag féachaint cé aca ba láidre.
Cur i bhfolach na gcaipíní: Théigheadh duine síos ar a ghlúinibh agus níor b'fhéidir leis a bheith ag breathnughadh. Bheadh na caipíní ag duine eile, agus d'iarrfadh sé den duine ar a ghlúinibh cé'n breitheamhnas a ghabhfadh ar na caipíní is cébí rud a déarfadh sé chaithfeadh sé é sin a dhéanamh.
Seo ceann eile: Théigheadh siad go dtí an loch agus na giolcaigh a bhíodh tagtha i dtír ann bhíodh siad ag cur clocha beaga isteach ina n-íochtar agus 'á gcur ag rith rásaí.
Dathanna:
Seo é an chaoi a n-imrightear an cluiche seo. Théigheadh 'chuile dhuine in aon líne amháin ach amháin beirt. Ansin bheadh dhá dhath ag an mbeirt agus an dath a b'fhearr leat ansin ghabhfadh tú ar taobh an té ar leis an dath.
Bail ó Dhia ar na bulláin: Seo é an chaoi a n-imrightear é. Déanann siad fáinne mór agus beidh duine amháin taobh amuigh. An té is fearr leis buaileann sé buille air agus caithfidh sé rith ina dhiaidh. Nuair a bhíos greim fáighte air buaileann sé bos ar dhuine eile.
Poll Coinín: Seo é an chaoi a n-imrightear an cleas seo: Déanann 'chuile bheirt poll agus gabhfaidh duine isteach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Níc an Íarla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Marcus Ó Iarla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe