Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Caitheamh Aimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is iomdha caitheamh aimsire a bhíodh ag na daoine thart anseo fadó. Seo cuid aca. Bhíodh na fir ag ardughadh clocha ag féachaint cé aca ba láidre.
Cur i bhfolach na gcaipíní: Théigheadh duine síos ar a ghlúinibh agus níor b'fhéidir leis a bheith ag breathnughadh. Bheadh na caipíní ag duine eile, agus d'iarrfadh sé den duine ar a ghlúinibh cé'n breitheamhnas a ghabhfadh ar na caipíní is cébí rud a déarfadh sé chaithfeadh sé é sin a dhéanamh.
Seo ceann eile: Théigheadh siad go dtí an loch agus na giolcaigh a bhíodh tagtha i dtír ann bhíodh siad ag cur clocha beaga isteach ina n-íochtar agus 'á gcur ag rith rásaí.
Dathanna:
Seo é an chaoi a n-imrightear an cluiche seo. Théigheadh 'chuile dhuine in aon líne amháin ach amháin beirt. Ansin bheadh dhá dhath ag an mbeirt agus an dath a b'fhearr leat ansin ghabhfadh tú ar taobh an té ar leis an dath.
Bail ó Dhia ar na bulláin: Seo é an chaoi a n-imrightear é. Déanann siad fáinne mór agus beidh duine amháin taobh amuigh. An té is fearr leis buaileann sé buille air agus caithfidh sé rith ina dhiaidh. Nuair a bhíos greim fáighte air buaileann sé bos ar dhuine eile.
Poll Coinín: Seo é an chaoi a n-imrightear an cleas seo: Déanann 'chuile bheirt poll agus gabhfaidh duine isteach.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Níc an Íarla
Inscne
baineann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Marcus Ó Iarla
Inscne
fireann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge