Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Maighros | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 066

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is iomdha caitheamh aimsire a bhíos ag na daoine thart anseo le h-aghaidh laetheannta saoire an t-Samhraidh a chaitheamh. Seo cuid a bhíos ag na buachaillí. Gach Domhnach bailigheann siad i dteannta a chéile le h-aghaidh na gcluichí seo: Ceann an-choitcheannta is eadh asal agus cléibhín. Seo é an chaoi a n-imrightear é: Téigheann duine amháin síos ar a ghlúinibh agus téigeann duine eile ar 'chaon taobh dhe. Suidheann siad síos agus cuireann siad a gcosa suas aar dhruim an té atá ar a ghlúinibh. Beireann siad ar chosa a chéile agus bíon siad ag iarraidh a chéile a ardughadh.
Is minic freisin a bhailigheann siad na madaí le chéile agus téigheann siad chuig an gcnoc ar lorg sionnaigh. Dá mharbhóchadh siad é bhainfidís an ceann de agus dhíolfaidís é. Faigheann siad coróinn ar a cheann agus deich sgilleacha ar a chraiceann.
Laetheannta eile is amhlaidh a théigheann siad ag fiadhach coiníní nó girrfhiadhacha.
Muca mara: Seo é an chaoi a n-imrightear é.
Téigheann scata buachaillí amach ins an bpáirc agus croman siad síos. bíonn siad i ndiaidh a chéile. Éirigheann an duine deireannach

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Dhonnchadha
Inscne
baineann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge