Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Pósaithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 059

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is san Inid is mó a phósas daoine thart anseo. Pósann a lán aca Máirt na h-Inide mar ní féadfidís pósadh arís go mbeadh an Charrgaos thart.
Tá laetheannta agus míosaí nach maith le daoine pósadh ortha. Ní maith leo pósadh i mí na Nodlag agus ní maith leo pósadh Diardaoin ná Dia Sathairn mar tagann Diardaoin gach seachtmhadh bliadhan agus deirtear má dhéanann duine rud ar bith an lá sin nach mbeidh sé beo i gceann bliadhna agus níl fhios ag aoinne cé'n Diardaoin é sin. Dia Céadaoin agus Dia h-Aoine na leatheannta is fearr leo pósaadh ortha.
Seo rann atá aca:
Dia Luain le h-aghaidh sláinte,
Dia Máirt le haghaidh saidhbhris,
Dia Céadaoin an lá is fearr ar bith,
Diardaoin le h-aghaidh croiseanna,
Dia h-Aoine le h-aghaidh briseanna agus
Dia Sathairn an lá is measa ar bith.
Nuair a bhíos fear ag iarraidh mná ní é féin a iarras í chor ar bith ach fear eile. Téigheann an fear eile go dtí teach na mná agus iarrann sé í. Má thaithnigheann an fear leis na tuismightheoirí tiubhraidh siad an inghean dhó. An chéad oidhche eile tagann an fear agus cúpla duine eile agus bíonn ól aca. Socruigheann siad ansin an lá a mbeidh an pósadh aca agus an spré a gheibheas an bhean.
Is cuimhin le daoine pósaidhthe a bheith

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Maitias Mac Donnchadha
Inscne
fireann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Bríghid Ní Dhonnchadha
Inscne
baineann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge