Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Maighros | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Tá trí sgóir bliadhain o shoin biodh posadh ins na tighthe. Nuair a bíodh an sagart réidh leis na faoisdíní deantaoí an posadh. Ní maith leis na mná éadach dearg a chaitheadh mar deirtear nach bhfuil sé áthamhail. Éadach gorm is fearr leo. Nuair a bhíos siad ag teacht abhaile tagann na comharsanaí amach rompu agus craitheann siad lámh leo. Dá mbeadh bean ann a mbeadh pisreoga aice d'fhiafróchadh sí biorán ort agus dá dtiubhradh bhéadh tú caillte roimhpe.
Ta roinnt bheag pisreoga ag bainnt le posadh. An chéad duine aca a thiocfadh amach an doras Thigh an Phobail sé an chéad duine aca a bhéadh caillte.
Ainm: Mícheál Mac an Iarla,
Seoladh: Leitir Árd, Caiseal.
Bailigheadh é seo ó dhaoine i nGlinsge

Bailitheoir
Micheál Mac an Iarla
Inscne
fireann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge