Siad na tighearnaí talmhan a bhí thart anseo fadó ná muintir Flaithbhearta. Chaitheadh na daoine beithidhigh nó airgead a íoc leo. Tadhg na Buille an ropaire ba mhó aca. Bhí caisleán san Áird aige agus tá an fothrach le feiceál fós. Bhíodh sé ag tógáil airgid agus beithidhigh ar dtús ach ní thógadh sé ach airgead ar deire. Chuir sé baintreabhach as Inis Leacan as seilbh 'san áit nár íoc sí airgead leis. Faoi cheann tamaill mharbhuigh mac na baintreabhaighe é. "Berridge" a tháinig i gceannas na h-áite seo ansin. Bhí caisleán aige thuas i mBaile na h-Inse. Cuid den am bhíodh sé imthighthe go Sasana agus ba fhear as Cloch na Rón a bhailuigheadh an cíos dó. "Robinson" an t-ainm a bhí air. Bhíodh naoi bpunt le n-íoc ag na daoine thart anseo. Ansin cuireadh isteach sa "Land Court" é agus laghduigheadh é. Bhí Coirnéal Thompson i gceannas Mhaighruis agus deirtear gur bé a thug na ministéirí isteach. Bhí Maghnuis agus Leitir-Deiscirt ag Coirnéal "Nolan". Bhí Fiadhmis agus Carna ag "Leonard". Bhí fear eile ann roimh "Barridge" agus is i mBaile na h-Inse a bhí sé ina chomhnuidhe. Coirnéal Máirtín an t-ainm a bhí air. Rud ar bith a dhéantaoi as bealach is aige a thugtaoi é le socrú.
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »