Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maighros
- XML Leathanach 049
- XML “Muintir Flaithbhearta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad muintir Flaithbheartaigh a bhí i gceannas na h-áite seo fadó.Bhíodh ar na daoine beithidhigh a íoc leo. B'é Tadhg na Buille an ropaire ba mhó díobh. Bhí caisleán togtha aige san 'san Áird agus tá an fothrach le feiceál fós.
Bhíodh sé ag tógáil airgid agus beithidhigh ar dtús ach tar éis tamaill ní thógadh sé ach airgead. Ní raibh na doine ró-shásta a bheith ag tabhairt an airgid seo dó. Chuir sé baintreabhach as Inis Leacain as seilbh toisg nár thug sí airgead. I gceann tamaill mharbhuigh mac na baintreabhaighe é le urchar istigh sa gcaisleán.
Tháinig na tighearnaí talmhan isteach ansin. Sé "Berridge" a bhí i gceannas na h-áite seo. Bhí caisleán tógtha aige thuas i mBaile na h-Inse ach chaitheadh sé an chuid ba mhó dá am i Sasana. Fear as Cloch na Rón a bhíodh ag bailiú an chíos dó nuair a bhíodh sé imthighthe. Bhíodh sé seo ag iarraidh an méid brabach agus a d'fhéadfadh sé a dhéanadh ionnus go mbeadh sé aige dó féin.
Bhí fear eile ina chomhnuidhe i Maighros agus Coirnéal Thompson an t-ainm a bhí air. Bhíodh deich bpunt le n-íoc ag na daoine ach thugadh siad isteach ins na "Land Courts" é agus ladhuightí é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chuláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Chúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe