Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maighros
  2. XML Leathanach 042
  3. XML “Muintir Flaithbhearta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Siad na Flaithbhearta a bhí i gceannas na h-aite seo sul a dtáinig na tighearnaí talmhan. Chaitheadh na daoine beithidhigh agus airgead a íoc leo. Ba é Tadhg na Buille an ropaire ba mhó aca. Bhí caisleán aige san Áird agus tá fothrach an chaisleáin le feiceál fós. Ar dtús bhí sé ag tógáil airgid agus beithidhigh ach sa deire ní thógfadh sé ach airgead amháin. Chuir sé baintreabhach as Inis Leacain as seilbh uair amháin nuair nár íoc sí airgead leis. As sin go ceann tamaill mharbhuigh mac an baintreabhaighe le urchar é.
    Is iad na tighearnaí talmhan a fuair an áit ansin. Is é Berridge an tighearna a fuair an áit seo. Bhí caisleán aige i mBaile na h-Inse ach bhíodh sé i Sasana an chuid ba mhó den am. Fear as Cloch na Rón a bhíodh ag bailiú an cíos dó agus bhíodh sé sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac an Iarla
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe