Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tithe na Seanaimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 034

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ní h-é an saghas céadna tighthe a bhíodh ann sa tsean aimsor is atá ann anois. Tighthe beaga déanta as clocha a bhíodh aca. Sé[n sórt deasughadh a bhíodh ar na tighthe seo ná fraoch agus tuighe. D'fhághadh siad an fraoch sa sliabh agus bhíodh sé ceangailte le saghas cíb agus sé'n t-ainm a bhí air ná súgán. Bhíodh leabaidh sa gcistineach agus sé'n t-ainm a thugtaoi air ná craiste. Sé an sean -fhear a chodluigheadh ann.
Bhíodh an teine sa gcúinne ins na tighthe thart anseo. Ní bhíodh sé i lár an urláír ag aoinne. Ní bhíodh ar na tighthe ach aon doras agus mapa déanta as tuighe a bhíodh mar chomhla aca. Ní bhíodh fuinneog ar bith ar chuid aca agus ar na cinn a bhíodh ní bhíodh aon ghloinne ionnta ach tuighe curtha amach thríd. Bhíodh cuid eile agus chuiridís clóca in áit na fuinneoga agus bhaineadh siad amach iad sa samhradh.
Sé'n sórt solus a bhíodh aca ná lampaí déanta as bosca stáin. Sé'n saghas buaicis a bhíodh aca ná píosa lín agus sé'n saghas ola a bhíodh aca ná geir a bhainidís as

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Nic an Iarla
Inscne
baineann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Marcus Ó Iarla
Inscne
fireann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge