Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tithe na Seanaimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá deifríocht mhór idir tn tighthe a bhí ann sa tsean aimsir agus na cinn atá ann faoi láthair. Ceann cíbe a bhíodh ortha go léir beagnach agus is sa sliabh a d'fháigheadh siad an chíb seo.
Bhíodh leabaidh sa gcistinach i ngach teach aca seo agus sé fear an tighe a chodhluigheadh innte. Sé'n t-ainm a bhí ar an leabaidh seo ná craiste.
Is sa mbinn a bhíodh an teinteán i ngach teach. Ní bhíodh sé i lár an urláir in aon teach thart anseo ach bhíodh in áiteanna eile.
Ní bhíodh ar na tighthe seo ach aon doras amháin agus sé an sórt comhla a bhíodh ortha ná comhla déanta dethuighe a dtugtaoi mapa air. Ní bhíodh ortha ach aon fhuinneog freisin agus ní gloinne a bhíodh ionnta ach rud eile a dtugtaoi leasáid air.
Dá mbeadh siad ag cur fad as an teach ní siar as a chuireadh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Maighréad Ní Chúláin
Inscne
baineann
Seoladh
Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Máirtín O Chúláin
Inscne
fireann
Seoladh
Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge