School: Maighros

Location:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 030

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 030

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 030
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Ní h-é an saghas aráin atá anois againn a bhíodh ag na daoine fadó chor ar bith.

    Is as coirce, eorna, seagal nó cruithneacht dá gcuid féin a ghnídís é.
    Bhíodh cor mhuilleann thart ach is 'san mbaile meiltí an chuid ba mhó de. Is le bró a mheilidís an grán. Dhá leac iseadh bró a mbíonn poll i lár gach leic aca. bíonn lámh iarainn thíos 'san bpoll sin agus is leis an lámh a chastaoi an leac uachtair ionnus go meiltí an gráinn. De réir mar a bheadh an chloch uachtair ag casadh bheadh an grán meilte a' teacht amach 'chaon taobh.
    Bhíodh cineál aráin eile aca freisin a dhéinidís as fataí ar a dtugtaoi bocstí. Seo é an chaoi a ndeinidís é: Thugadh siad leo slám fataí, nighidís is ghlanaidís iad agus ansin bhainidís na craicne díobh. Sgríobadh siad na fataí ar phíosa stáin a mbíodh puill curtha ann le meanaithe agus d'fháisgidís i bpíosa éadaigh é. Uaireannta ní fháisgidís chor ar bith é ach chuiridís an oiread pluir ann is a thriomóchadh é. As
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Brighid Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe