Sé an sórt lampaí a bhíodh ag na daoine fadó ná boscaí stáin. Bhíodh na boscaí seo leathan sa lár. Bhíodh dhá bhior leagtha ar bharr an bhosca agus an bhuaicis ag teacht aníos idir iad. Píosa éadaigh a bhíodh mar bhuaicis acu ag an am sin. Chuiridís an t-éadach síos san ola a bhíodh ann (ola éisg a thugtaí air mar is as na héisg a bhainidís é) agus agus ansin bhíodh sé i ndin lasadh. Bhíodh lampaí eile acu a dheinidís as buidéil. Is amhlaidh a ghearradh siad poll i dtaobh an bhuidéil agus thugaidís an bhuaicis thríd.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »