5. Bhí triúr fear ann fadó, Táilliúr, Gabha agus Gréasuidhe. Lá amháin dubhradar go ngabhaidís amach ag iascach agus chuaidh. Ní raibh siad i bhfad amuigh nuair a d'eirigh gála mór. Tháinig an-fhaitchíos orthú agus dubhairt siad go mba cheart dóibh paidir a radh go dtiubhradh Dia slán abhaile iad. Dubhairt an Gréasuidhe agus an Táilliúr go raibh a gcuid paidreacha dearmadaí acu fhéin. Dubhairt an Gabh annsin go mb'fhada cheana ó dubhairt sé fhéin aon phaidir acht mar sin fhéin go n-abróchadh sé ceann agus thosuigh sé. 'Ó a Dhia láidir cuidigh linn, níor iarr mé tada cheane ort le seacht mbliadhna agus má chuidigheann tú linn anois ní iarrfaidh mé tada ort go ceann seacht mbliadhna eile.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »