Bhí Éireannach i Meiricá fadó ag saothrú airgid dó fhéin. Gach oidhche nuair a stoptaí an obair theigheadh sé amach ag faire ar na stórthaí deasa agus ar na doirse breaghtha a bhíodh ortha. Oidhche amháin chuaidh sé amach mar ba ghnás leis agus sheas sé amach ar aghaidh scór mór. Ní raibh sé i bhfad annsin nuair a chuir fear a cheann amach tré cheann deis na fuinneoga agus dubhairth, Shíltheá go dtaithnigheann an teach seo leat." "Ó taithnigheann", adeir an t-Éireannach, "is breagh an teach é." "Ní tada é sin muise", arsa an meiriothánach, "le h-ais tuighthe eile sa gcathair seo." "le na radh i gceart is cosamhail le stábla é." "bhuel adeir an t-Éireannach sin é cheap mé nuair a chonnaic mé an t-asal ag faire amach thríd an bhfuinneoig."
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »