Bhí amadán ann uair amháin agus dubhairt sé leis féin go ngabhfadh sé ag saothrú airgid. Nuair a bhí sé ag imtheacht dubhairt a athair leis gan obair a dhéanamh in aisge d'aon nduine. D'imthigh sé leis agus nuair a bhí an oidhche ag titim chuaidh sé isteach i dteach. Ní raibh ann ach seanbhean agus thug sí sin lóistín dó. San oidhche thug sé faoi deara go raibh go leor óir ag an tseanbhean thuas sa simléar. Bhí rún aige an t-ór a ghoid agus ar maidin nuair a chuaigh an tseanbhean ag fosuidheacht dubhairt seisean go dtiubharfadh sé féin aire do'n teach. Cheap sé ansin go bhfeiceadh an tseanbhean é dá ngoideadh sé an t-ór agus chuimhnigh sé ar seift. Ghlaodh sé ar an tseanbhean agus dubhairt sé léi: "Ceangail rópa do do chos agus ceangail ar chos na bó é". "Leig an rópa suas tríd an simléar ansin agus suidh síos". Rinne an tseanbhean amhlaidh ach ba ghearr gur thosuigh an bhó ag rith le fíbín. Tharraing sí an tseanbhean suas thríd an similéar agus marbhuigheadh í. Thug an t-amadán an t-ór leis agus as sin amach bhí sé saidhbhir.
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »