Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéaltaí faoi Chistí Óir i bhFolach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tuairim is dhá chéad bliadhain ó shoin nó tuille do bhí seanfhear agus seanbhean ina gcómhnuidhe sa mbaile seo a dubh-Ithir. Bhí siad an t-saidhbhir acht má bhí fhéin bhfearr leo bás a d'fhaghail leis an ocras ná pighinn a chaitheamh. Déin áit a raibh cómhnuidhe ná chíos i gcaladh na mbád. Chuir siad ciste i bhfolach faoi bun aille móire agus tá sé ann fós.
Ní rabhadar ró fhada ina gcomhnuidhe ann mar fuaireadar bás. Bhí fhios ag na cómharsanaigh go maith go raibh an t-ór i dtaisce acu. Oidhche amháin chuaidh beirt buachaillí óga amach 'á thóruideacht. Thosuigheadar ag cartadh san áit ar cheapadar é bheith acht ní raibheadar i bhfad mar sin nuair a d'fhuagaur an guth ortha imtheacht as sin go beo. D'imithigh agus ní raibh call é radh an darna uair leo. Is iomdha duine ariamh ó shoin a chuaidh ar a lorg acht dá mhéid deifir a bhiodh ag teacht ortha, bhiodh a sheacht n-oiread ag imteacht ortha. Sin é an fáth go dtugtar aill an taidhbhse ar an áit ó shoin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Maighréad Ní Chúláin
Inscne
baineann
Seoladh
Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Máirtín Ó Cúláin
Inscne
fireann
Seoladh
Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge