Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéaltaí faoi Chistí Óir i bhFolach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is iomdha áit a ndeirtear go bhfuil ór i bhfolach acht seo áit acu. Uair amhain bhí fear agus bean ina gcómhnuidhe i dteach beag ar thaobh cnuic. Bhí siad an tsaidhbhir agus nuair a bhí na dubh-chrónaigh ag dul thart chuireadar an t-ór i bhfholach ionnús nach mbeadh baoghal ar bith go bhfhuigheadh na bitheamhnaigh é. Is é an áit ar chuireadar é faoi bhun aille ar thaobh an chnuic céadna.
Fuair an fear bás agus ní raibh fhios ah aonduine go raibh an ciste i dtaise. Oidhche amháin bhí fear do'n bhaile céadhna ag brionglóidíbh ar an gciste. Lá ar na bháireach le tuitim na h-oidhche chuaidh an fear ar a lorg. Tháinig sé go dtí an spota a raibh sé ag brionglóid air agus thosuigh sé ag baint. Ba ghearr a bhí sé mar sin nuair a chuala sé an guth ag radh leis, "fág in do dhiadh é sin is liomsa é." Is ar éigin a thug sé a anam abhaile leis le teann faithchís agus mise mbannaidh duit nach ndeacha sé ar a lorg arís.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Brighid Nic an Ríogh
Inscne
baineann
Seoladh
Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Cúláin
Inscne
fireann
Seoladh
Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge