Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéaltaí faoi Chistí Óir i bhFolach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

3. Do réir sgéil is iomdha áit a bhfuil ór i bhfolach. Is minic a chuala mé go bhfuil ór i bhfolach i gcnoc Bhé Chatha. Tá Bé Chatha suidhte ar an taobh thoir theas de Chárna. Tá aill mhór ar thaobh an chnuic agus ta crann mór árd ag fás ar chúl na h-aille sin. Bhí sé raidhte ariamh agus tá se ráidhte fós go bhfuil pota óir i bhfolach faoi bhun na h-aille sin.
Seo é an sgéal a bhaineas leis:
Bhí seanbhean agus a fear ina gcomhnuidhe sa bparáiste seo fadó agus bhí aon mac amháin acu. Beirt an ghortach a bhí ionnta agus is minic a deireadh na comharsana nach dtiubhraidís pighinn do Naomh Peadar. Ar aon chor cailleadh an t-athair nuair a bhí an amac trí bliadhna déag. Thug an t-seanbhean aire mhaith do'n mhac agus thug sí aire mhaith freisin nach mbeadh fhios aige cá raibh an t-ór aici.
D'fhas an mac suas ina fhear bhreagh shlachtar agus nuair a bhí sé in ám pósta aige shocruigh an mháthir go bpósfhadh sé bean áithrid ar an mbaile mar gheall

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Dhonnchadha
Inscne
baineann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Mac Donnchadha
Inscne
fireann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge