Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maighros
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Scéaltaí faoi Chistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 3. Do réir sgéil is iomdha áit a bhfuil ór i bhfolach. Is minic a chuala mé go bhfuil ór i bhfolach i gcnoc Bhé Chatha. Tá Bé Chatha suidhte ar an taobh thoir theas de Chárna. Tá aill mhór ar thaobh an chnuic agus ta crann mór árd ag fás ar chúl na h-aille sin. Bhí sé raidhte ariamh agus tá se ráidhte fós go bhfuil pota óir i bhfolach faoi bhun na h-aille sin.
    Seo é an sgéal a bhaineas leis:
    Bhí seanbhean agus a fear ina gcomhnuidhe sa bparáiste seo fadó agus bhí aon mac amháin acu. Beirt an ghortach a bhí ionnta agus is minic a deireadh na comharsana nach dtiubhraidís pighinn do Naomh Peadar. Ar aon chor cailleadh an t-athair nuair a bhí an amac trí bliadhna déag. Thug an t-seanbhean aire mhaith do'n mhac agus thug sí aire mhaith freisin nach mbeadh fhios aige cá raibh an t-ór aici.
    D'fhas an mac suas ina fhear bhreagh shlachtar agus nuair a bhí sé in ám pósta aige shocruigh an mháthir go bpósfhadh sé bean áithrid ar an mbaile mar gheall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe